Stair

Tírdhreach Chuan Loch Garman roimh na 1840idí

Léiríonn léarscáileanna luatha de Chuan Loch Garman, leis an Ridire William Petty (1657) agus cinn eile, go raibh roinnt oileán ann, sé cinn san iomlán agus ba iad Begerin, an tOileán Mór agus Korrugh (nó Cora Island) agus Breast Island na cinn is mó. Rinneadh an chéad iarracht ar mhíntíriú talún in 1814 nuair a rinne beirt deartháireacha, na deartháireacha Thomas, pleananna chun 800 acra talún ar an taobh thoir ó dheas den chuan a fháil ar ais ar chostas £30,000.

Faoin mbliain 1816 d’éirigh leis na deartháireacha Thomas bruach a thógáil a choinnigh an fharraige amach thit an bruach mar gheall ar taoide lán, rud a chuir stop leis na hoibreacha míntíriúcháin.

Sean léarscáileanna de Chuan Loch Garman

Léarscáil de Chuan Loch Garman - 1612

Léarscáil de Chuan Loch Garman

Speed (1612)

Léarscáil de Chuan Loch Garman - 1657

Léarscáil de Chuan Loch Garman

Petty (1657)

Léarscáil de Chuan Loch Garman - 1837

Léarscáil de Chuan Loch Garman

Lewis (1837)


 

An obair míntíriúcháin

In 1840 cuireadh an dara plean, níos uaillmhianaí, i ngníomh; ba é an aidhm a bhí ann anois ná sciatháin thuaidh agus theas an chuain a mhíntíriú. Tháinig suim nua sa tionscadal tar éis gur ritheadh Acht i bParlaimint na Breataine sna blianta roimh 1840 a sholáthair cabhair ón rialtas chun talamh dramhaíola a mhíntíriú in Éirinn.

Sindeacáit as Albain a thug faoin obair, ba thionscadal uaillmhianach é seo a chuimsigh ní amháin Cuan Loch Garman, ach suíomhanna eile i ndeisceart Loch Garman ar nós Baile Thaidhg, Banú agus Oileán Mhuire, chomh maith leis an Trá Mhór agus Dún Garbháin feadh chósta Phort Láirge.

D’fhostaigh an siondeacáit innealtóir darb ainm Vetch chun suirbhé a dhéanamh ar an limistéar míntíriúcháin a bhí beartaithe. Mhol sé claífort Thuaidh a chuimsigh 2,192 acra, agus claífort theas a chuimsigh 3,341 acra, ar bhain cuid de úsáid as iarsmaí chlaífort na mBráithre Thomas ó 1816.

Bhí amhras ar úinéirí talún áitiúla, úinéirí long agus ceannaithe Loch Garman faoin tionscadal. Ba é an imní is mhó a bhí orthu ná go dtabharfaí an iomarca smacht ar an gcuan do ghrúpa strainséirí, a bhféadfadh a gcuid smaointe a bheith difriúil ó leasanna áitiúla. D’eagraigh fir an chuain a n-innealtóirí féin chun suirbhé a dhéanamh ar an gceantar, agus thug a dtuairiscí le tuiscint go bhféadfadh na hoibreacha a bhí beartaithe a bheith ina gcúis leis an iomarca siolta sa chuan rud a chruthódh deacrachtaí don loingseoireacht. D’eagraigh muintir na háite achainí chuig an bparlaimint i gcoinne an tionscadail, agus ardaíodh ceisteanna maidir le cé leis i ndáiríre na réileáin láibe, cibé acu ar leis an gCoróin iad nó úinéirí na talún taobh leo.

Caithfidh gur chuir cur in aghaidh na gceannaithe Loch Garman faitíos ar shindeacáit na hAlban, mar gur thréig siad an tionscadal, ní raibh fonn orthu tabhairt faoi oibreacha dá leithéid agus naimhdeas rompu.

Is ag an bpointe seo a ghlac teaghlach mór le rá ó Loch Garman, na Redmonds, páirt sa tionscadal. Ghlac John Edward Redmond, fear óg le saibhreas ollmhór, a raibh feabhas mór déanta aige ar an mbaile cheana féin, leis an smaoineamh talamh a mhíntíriú ar an taobh thuaidh den chuan. Arís chuir na ceannaithe áitiúla (Coimisinéirí Cuain Loch Garman) litir chuig an Ionadaí Parlaiminte ag rá go raibh siad i gcoinne na hoibre a
bhí beartaithe.

Ach níor cuireadh lagmhisneach ar John Redmond, agus in ainneoin an cur in aghaidh, fuarthas Acht Parlaiminte a cheadaigh don tionscadal dul ar aghaidh.

Thosaigh na hoibríochtaí sa bhliain 1847, an bhliain ba mheasa de Ghorta Mór na bhFataí, nuair a bhí sé ríthábhachtach fostaíocht a sholáthar d’oibrithe. Tháinig fir ó gach cearn den chontae agus iad armtha le beangáin, sluaistí
agus piocóidí.

Tógadh an bruach saorga ar an Slaba Thuaidh mar leanúint ar aghaidh ón mbruach nádúrtha agus tugadh cré ó airde in aice láimhe agus ó cheann de na hoileáin bheaga le haghaidh na tógála. Bhí na bruacha ocht dtroigh (2.5 méadar) ar leithead ag an mbarr agus níos mó ná 2,400 acra iontu. Faoin mbliain 1849 bhí tionscadal an tSlaba Thuaidh curtha i gcrích, agus sáraíodh baic nádúrtha a measadh a bhí dosháraithe ar an mbealach.

Sna blianta 1850 agus 1851 treabhadh an talamh agus ullmhaíodh é le saothrú. Rinne canálacha agus draenacha an limistéar a dhraenáil agus tógadh caidéil freisin chun an t-uisce a phumpáil amach.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar stair na Slaba Thuaidh, féach ‘High Skies-Low Lands; an Anthology of Wexford Slobs and Harbour’ curtha in eagar ag David Rowe agus Christopher J. Wilson (1996).

Tógadh an t-eolas anseo ó ‘The History of Land Reclamation in Wexford Harbour’ le Nicholas Furlong sa leabhar thuasluaite.


 

Sa lá atá inniu ann

Balla Mara ag Loch GarmanAr feadh thart ar 100 bliain chuir cuid mhór de thailte na Slaba féarach garbh samhraidh ar fáil do bheostoc, cé gur saothraíodh codanna de le haghaidh gránaigh agus barra fréimhe. Ó na 1960idí feabhsaíodh an draenáil agus cuireadh dlús leis an bhfeirmeoireacht. Sa lá atá inniu ann tá an chuid is mó de na tailte curtha le féara ardchaighdeáin agus le gránaigh gheimhridh/earrach, cé gur cuireadh barra éagsúla eile uaireanta.

Cé is moite de na príomhbhealaí fairsinge agus a n-imill, áit a bhfuil bláthú ar phlandaí uisce agus giolcarnaí, tá na Slaba go hiomlán talmhaíoch agus cosúil le poldairí Ollannacha.